Beartas ar Chúiseanna a Thabhairt le Cinntí Gan Ionchúiseamh a Dhéanamh i Gcásanna Marfacha
Baineann an beartas seo le cúiseanna a bhí le cinntí gan ionchúiseamh a dhéanamh i gcásanna marfacha amháin, agus rinneadh an beartas an 22 Deireadh Fómhair 2008. Tháinig an beartas maidir le cúiseanna a thabhairt gan ionchúiseamh a dhéanamh i ngach cás eile i bhfeidhm an 16 Samhain 2015 agus tá sé leagtha amach inár leabhrán ar Conas Cúiseanna agus Athbhreithnithe a Iarraidh.
An 22 Deireadh Fómhair 2008 thug Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí isteach athrú ar an bpolasaí maidir le cúiseanna nach ndéantar ionchúiseamh a nochtadh.
Is ar an mbonn seo a leanas a chuirfear an polasaí sin i bhfeidhm:
- Baineann an polasaí le cionta líomhnaithe i gcásanna inar tharla bás duine agus leo sin amháin, ina measc:
- dúnmharú
- dúnorgain
- naíonmharú
- bás sa láthair oibre
- tionóiscí marfacha bóthair
- Tugtar na cúiseanna nach ndearnadh ionchúiseamh, nó nár leanadh ar aghaidh le hionchúiseamh do pháirtithe a bhfuil ceangal dlúth acu leis an té a fuair bás, ach na cúiseanna sin a iarraidh, mar shampla:
- daoine de mhuintir nó de theaghlach an té a fuair bás;
- comhairleoirí dlí nó leighis dá gcuid; nó
- oibrithe sóisialacha atá ag obair ar a son.
- Ní luaitear cúiseanna ach amháin sa chás gur féidir sin a dhéanamh gan éagóir a tharraingt ar dhuine eile. Thiocfadh sin i gceist i gcásanna ina dtarlódh, de bharr cúis a lua:
- go mbeadh finné ionchais nó duine eile á chur i mbaol éagóra, mar shampla baint óna gclú;
- go nochtfaí foinsí rúnda a bheith ar fáil nó an té atá ina fhoinse rúnda nó go nochtfaí modhanna nó nósanna rúnda a bhaineann le cur i bhfeidhm an dlí; nó
- go mbeadh tionchar na míbhuntáiste ar chur i bhfeidhm an dlí.
- Ba cheart go mbeadh an chúis a luaitear sách mionsonraithe, nuair is féidir sin, agus go mbeadh ar chumas an pháirtí leasmhar an fáth a bhí leis an gcinneadh a thuiscint.
- Baineann an polasaí le cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh nó le cinneadh gan leanúint le hionchúiseamh i gcás cionta a mbaineann bás leo agus ar ar an 22 Deireadh Fómhair 2008.
- Is i scríbhinn a chuirfear na cúiseanna le cinntí in iúl do pháirtithe leasmhara. Níl i gceist, leis an athrú seo ar an bpolasaí, go mbeadh scóip ann le cruinnithe ar aon láthair leis na páirtithe leasmhara a thairiscint. Ba cheart don té a thagann faoi scáth alt 2 thuas agus ar mhaith leis fios a bheith aige cén chúis nach ndearnadh ionchúiseamh nó nár leanadh ar aghaidh le hionchúiseamh scríobh go dtí an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, Bóthar na hOtharlainne, Baile Átha Cliath 7.
- Is den tábhacht go dtugtar chun aire nach gcuirtear aon athrú leis an bpolasaí nua seo ar chearta seanbhunaithe an íospartaigh agus a dhaoine muinteartha agus go dtagann an polasaí nua sa bhreis ar na cearta sin:
- a iarraidh ar an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh ionchúisimh
- freastal ar chruinniú leis an bhfoireann ionchúisimh sula ndéantar an cás a thriail
- a iarraidh go n-éileodh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí athbhreithniú mar gheall ar phianbhreith is boige ná mar ba chóir
Breis Eolais
- Plé Pháipéar (PDF)
- Achoimre Feidhmiúcháin (PDF)