10 February 2025

Leabharlannaí Dlí Sinearch

Tá gá ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí (ODPP) le leabharlannaí cáilithe chun an post buan mar Leabharlannaí Dlí Sinsearach a líonadh. Is deis í seo do ghairmí a bhfuil taithí chuí aige/aici ról lárnach a ghlacadh i gceannaireacht agus i mbainistíocht seirbhísí leabharlainne chun a chinntiú go soláthraítear faisnéis agus tacaíocht taighde ar ardchaighdeán laistigh d’Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí. Éileoidh an ról forbairt straitéiseach, ceannaireacht foirne, bainistíocht acmhainní, agus feabhsú seirbhísí leabharlainne i gcomhréir le cuspóirí straitéiseacha ODPP.

Suífidh an ról seo san Aonad an Pholasaí agus Taighde (PPRU), a bhfuil cumas dea-fhorbartha aige maidir le seirbhísí Leabharlainne agus Faisnéise. Beidh an t-iarrthóir rathúil freagrach as gach gné den leabharlann a bhainistiú agus, ag déanamh amhlaidh, glacfaidh sé/sí ról lárnach ag tacú le Straitéis na Seirbhísí Leabharlainne agus Faisnéise ODPP agus ag cur tionscnaimh leabharlainne agus seirbhísí faisnéise i bhfeidhm.
Ba chóir d’iarratasóirí a bhFoirm Iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig recruitment@dppireland.ie – cinntigh le do thoil go bhfuil do CV san áireamh le d’fhoirm iarratais.

Ba cheart d’iarratasóirí a bhFoirm Iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar aghaidh go leictreonach chuig recruitment@dppireland.ie – le teacht tráth nach déanaí ná 3:30pm Dé hAoine 28 Feabhra 2025. Cinntigh le do thoil go bhfuil do CV san áireamh le d’fhoirm iarratais.

Chun tuilleadh eolais a fháil féach léigh an Leabhrán Faisnéise.