Braitheann sé ar an gcineál coire a rinneadh. Tá dhá chineál coire ann – cion achomair agus cion indíotáilte.
Cionta achoimre
- is cionta iad nach bhfuil chomh tromchúiseach sin;
- éisteann breitheamh iad gan ghiúiré sa Chúirt Dúiche; agus
- tréimhse 12 mí an phianbhreith príosúnachta is troime maidir le cion amháin.
Má éisteann breitheamh den Chúirt Dúiche an cás, is féidir le Garda nó aturnae ó oifig an DPP an cás a chur i láthair.
Cionta indíotáilte
- is iad na cionta is tromchúisí iad;
- éisteann breitheamh agus giúiré iad sa Chúirt Chuarda nó sa Phríomh-Chúirt Choiriúil;
- bíonn pionóis níos troime ann má chiontaíonn an chúirt an cúisí – d’fhéadfadh
- príosúnacht saoil a bheith i gceist i gcás coireanna áirithe; agus
- is féidir déileáil leo uaireanta sa Chúirt Choiriúil Speisialta ina suíonn triúr breitheamh gan ghiúiré.
Má éisteann breitheamh agus giúiré an cás, ullmhóidh aturnae ó oifig an DPP an cás le haghaidh na cúirte. Cuirfidh abhcóide a bheidh ag gníomhú thar ceann an DPP cás an ionchúisimh i láthair sa chúirt.
NA CÚIRTEANNA
An Chúirt Dúiche
Seo í an chéad Chúirt a dtugann Gardaí an cúisí inti. Déanann breitheamh na nithe seo a leanas sa Chúirt Dúiche:
- éisteann sé/sí sonraí faoi na cúisimh i gcoinne an chúisí;
- deir sé/sí an bhfuil an cás réidh lena thriail; agus
- éisteann sé/sí trialacha i gcásanna nach bhfuil chomh tromchúiseach sin (cionta achoimre) gan ghiúiré.
Má phléadálann an cúisí ‘neamhchiontach’ sa Chúirt Dúiche, glaofaidh an t-ionchúiseamh finnéithe chun fianaise a thabhairt d’fhonn iarracht a dhéanamh cruthú go bhfuil an cúisí ciontach.
An Chúirt Chuarda agus an Phríomh-Chúirt Choiriúil
Sna cúirteanna seo seoltar trialacha atá níos tromchúisíná iad sin a sheoltar sa Chúirt Dúiche. Déanann an breitheamh na nithe seo a leanas sna cúirteanna seo:
- feidhmíonn sé/sí i gcomhar le giúiré. Ní mór don ghiúiré cinneadh a dhéanamh i dtaobh duine a bheith ciontach nó neamhchiontach.
An Chúirt Choiriúil Speisialta
Tá an chúirt seo cosúil leis an gCúirt Chuarda agus leis an bPríomh-Chúirt Choiriúil , ach amháin:
- nach mbíonn aon ghiúiré inti; agus
- éisteann triúr breitheamh gach cás.