Treoir ghairid is ea an méid seo a leanas maidir leis an gCóras Ceartais Choiriúil agus mínítear ann cad a tharlaíonn sna cásanna seo a leanas:
- nuair a thuairiscítear coir
- nuair a chuirtear comhad chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí
- nuair a chinneann an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí duine a ionchúiseamh nó gan duine a ionchúiseamh
- nuair a théann cás os comhair na cúirte
Más íospartach nó finné thú, tá súil againn go mbeidh an roinn seo dár suíomh úsáideach duit agus go gcuideoidh sé leat tuiscint a fháil ar an dóigh a bhfeidhmítear an córas ceartais.
Chomhoibrigh Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí le Newstalk chun podchraoladh 20 nóiméad a tháirgeadh dá sraith ‘Let Me Explain’ – ‘Let Me Explain the Criminal Justice System’ – agus is féidir éisteacht leis an bpodchraoladh seo anseo (i mBéarla).
Tá doiciméad a mhíníonn níos mionsonraithe conas a oibríonn an Córas Ionchúisimh in Éirinn ar fáil anseo freisin.