Comhlíonann Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí na Rialacháin thuas a thrasuíonn Treoir 2003/98/CE sa dlí. Leagann an Treoir creat comhchuibhithe amach inar féidir faisnéis ón earnáil poiblí ó áiteanna ar fud an Aontais Eorpaigh a mheas agus a athúsáid, agus tugaimid spreagadh an fhaisnéis seo a chuirimid ar fáil a athúsáid.
Tá an fhaisnéis go léir a bhíonn ar ár láithreán gréasáin faoi réir chóipcheart Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, mura léirítear a mhalairt. Féadfaidh tú an fhaisnéis ar an láithreán gréasáin seo a úsáid saor ó tháille in aon fhormaid gur mian leat.
Áirítear le hathúsáid cóipeáil, cóipeanna a chur ar fáil don phobal, foilsiú, craoltóireacht agus aistriú isteach i dteangacha eile. Clúdaíonn sé taighde agus staidéar neamhthráchtala freisin. Féadfar faisnéis agus cáipéisí ón láithreán gréasáin seo a athchruthú nó a athúsáid faoi réir ag téarmaí an cheadúnais is deireanaí d’Fhaisnéis na hEarnála Poiblí ag www.psi.gov.ie.
Tá athúsáid faoi réir ag na coinníollacha seo a leanas. Caithfidh tú:
- Aitheantas a thabhairt don fhoinse agus dár gcóipcheart i gcásanna go gcuireann tú an fhaisnéis ar fáil do dhaoine eile
- an fhaisnéis a chur ar fáil arís go cruinn
- gan an fhaisnéis a úsáid go míthreorach
- gan an fhaisnéis a úsáid ar mhaithe go príomha le bolscaireacht a dhéanamh faoi tháirge nó faoi sheirbhís áirithe nó iad a chur chun cinn
- gan an fhaisnéis a úsáid chun tacú le cúinsí mídhleathacha, mímhorálta, calaoiseacha nó mímhacánta.
Níl Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí faoi dhliteanas ag aon chaillteanas ná dliteanas a bhaineann le faisnéis a fhoilsítear ar a láithreán gréasáin a athúsáid. Cé go ndéantar gach iarracht a chinntiú go ndéantar uasghrádú rialta ar an bhfaisnéis ar an láithreán gréasáin agus go bhfuil sí cruinn ní thugann an Oifig deimhniú go bhfuil sí cothrom le dáta nó saor ó earráid.
Ní údaraíonn Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí aon úsáideoir chun cearta eisiacha a bheith aige/aici aon chuid den fhaisnéis a fhoilsítear ar an láithreán gréasáin a athúsáid.
Mionsonraí faoin Fhaisnéis a Fhoilsítear ar an Láithreán Gréasáin
Maidir Linne
Sa rannán seo áirítear:
- Cairt Eagrúcháin na hOifige
- Creat an Phróisis Ionchúiseamh Choiriúil
Mionsonraí Teagmhála
Sa rannán seo áirítear:
- Mionsonraí teagmhála d’Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, do Phríomh-Aturnae an Stáit agus do dhlíodóirí stáit áitiúla ar fud na hÉireann.
Maidir Le híospartaigh & Le Finnéithe
Sa rannán seo áirítear:
- Brief Guide to the Criminal Justice System
- An Cinneadh Maidir le hIonchúiseamh a Dhéanamh
- Cúiseanna le Cinntí
- Cód Eitice
- Cabhairlíne d’Íospartaigh Choire
- Finnéithe Óga
- Ráiteas Tionchair Íospartaigh a Dhéanamh
- Cairt an Íospartaigh
- Gearáin
- Sonraí Teagmhála
Foilseacháin
Sa rannán seo áirítear:
- Tuarascála Bhlianthúil
- Pleananna Stratéiseacha
- Leabhráin Eolais
- Treoirlínte d’Ionchúisitheoirí
- Na Treoracha / Polasaí
- Ardchaighdeán Seirbhíse
- Foilseacháin Eachtracha
Na Meáin
Sa rannán seo áirítear:
- Preasráitis
- Speeches / Conference Papers
An tacht Um Shoaráil Faisnéise & Rialacháin
Sa rannán seo áirítear:
- Fógra Díolúine
- Leabhar Tagartha an Achta um Shaoráil Faisnéise
- Foirm Iarratais Shaoráil Faisnéise
Gairmeacha Beatha
Sa rannán seo áirítear:
- Faisnéis faoi bheith ag obair don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí
- An fhaisnéis is deireanaí faoi fhollúntais
Leabhráin Fhaisnéise – Teanga Iasachta
Sa rannán seo áirítear:
- Aistriúcháin ar na Leabhráin Fhaisnéise ‘Ról an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí’ agus ‘Ag freastal ar Chúirt mar Fhinné’ sna teangacha seo a leanas:
- Araibis
- Fraincis
- Laitvis
- Liotuáinis
- Sínis (Mandairínis)
- Polainnis
- Portaingéilis [Brasaíleach]
- Rómánais
- Rúisise
- Spáinnis
Cad Tá Nua
Sa rannán seo áirítear:
- Nuashonrú Nuachta agus Faisnéis
Tuilleadh Faisnéise
Cuirfear tuilleadh faisnéise faoi athúsáid faisnéise a fhoilsíonn Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil ón:
Aonad Cumarsáide
Teileafón : +353 (0)1 858 8500
Ríomhphost: gaeilge@dppireland.ie