OIFIGEACH CLÉIREACHAIS 2024
07 October 2024
Tá Buanoifigigh Chléireachais á n-earcú ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.
Tugann ról an Oifigigh Chléireachais laistigh d’Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí deis d’iarrthóirí rathúla gairm thairbheach a sheoladh sa Státseirbhís, go háirithe laistigh d’Earnáil an Cheartais Choiriúil.
Ní mór d’iarrthóirí a bheith 17 mbliana d’aois ar a laghad, leibhéal maith oideachais ginearálta a bheith acu. Beifear ag súil freisin go dtaispeánfaidh an t-iarrthóir scileanna maithe cumarsáide; taithí a léiriú ar bheith ag obair as a stuaim féin agus mar chuid d’fhoireann.
Déanfar an comórtas de réir na gcód cleachtais arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/
Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, féach le do thoil Leabhrán Faisnéise.
Ba chóir d’iarratasóirí a CV agus a n-iarratas a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: Recruitment@dppireland.ie le teacht roimh 3.30pm Dé hAoine, 25 Deireadh Fómhair 2024.
Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil ar www.dppireland.ie.