18 September 2023

Is mian leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí Abhcóide dhá cheapadh chun ionchúisimh a sheoladh i Dún na nGall.  Tá an Stiúrthóir ag lorg léirithe spéise ó abhcóidí más mian leo a bheith chur san áireamh le haghaidh na nithe thuas.

Féach le do thoil ar an Meabhrán Míniúcháin ar Ról Abhcóidí Ionchúisimh.

Ba cheart d’iarratasóirí foirm iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: Competitions@dppireland.ie

Cuimseoidh an próiseas roghnúcháin gearrliostaithe bunaithe ar na hiarratais a cuireadh isteach le agallamh ina dhiaidh.

Is é an spriocdháta chun iarratais a fháil ná Déardaoin 5 Deireadh Fómhair 2023 ag 1:00pm.