24 June 2023

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí i mbun earcaíochta le haghaidh Príomhoifigigh Faisnéise  Ní mór d’iarratasóirí an cháilíocht theicniúil/teastais CNC a bheith acu ar an nó roimh Dé hAoine, 14 Iúil 2023, chomh maith leis an taithí theicniúil ghairmiúil atá sa liosta ar leathanach 7 den leabhrán eolais. Beidh deis iontach ag an iarratasóir rathúil ról ríthábhachtach ceannaireachta a bheith acu bainistiú a dhéanamh ar thorthaí agus seachadadh ar ardchaighdeán i dtimpeallacht dhúshlánach dhinimiciúil.

Beifear ag súil le cumarsáid iontach ó iarratasóirí le hardscileanna idirbheartaíochta agus scileanna i bhforbairt líonraí piaraí teicniúla agus gnó, ceannaireacht láidir agus taithí bainistíochta, agus ceannaireacht inléirithe a chur ar fáil maidir le hathrú digiteach ó bhonn.  Féadfar gearrliostú a bheith i bhfeidhm.  Dícháileofar iad a rachaidh i mbun canbhásála.

Cuirfear an comórtas i gcrích de réir na gcód cleachtais atá foilsithe ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí agus atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, féach le do thoil Leabhrán Faisnéise

Ba cheart d’iarratasóirí Foirm Iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: recruitment@dppireland.ie le teacht roimh 3:30pm Dé hAoine 14 Iúil 2023.

Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil ar www.dppireland.ie.

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí tiomanta do bheartas comhdheiseanna.

Cuirfear fáilte roimh chomhfhreagras I nGaelige