07 April 2025

Is mian leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí Abhcóide a cheapadh chun ionchúiseamh a dhéanamh i Cathair Chorcaí agus Contae Chorcaí. Lorgaíonn an Stiúrthóir léirithe spéise ó abhcóidí ar mian leo go mbreithneofaí orthu do na painéil thuasluaithe.

Féach le do thoil ar an Meabhrán Míniúcháin ar Ról Abhcóidí Ionchúisimh.

Ba cheart d’iarratasóirí foirm iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: Competitions@dppireland.ie

Áireofar sa phróiseas roghnúcháin próiseas gearrliostaithe bunaithe ar na hiarratais a chuirtear isteach agus ina dhiaidh sin agallamh.

Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil ná Déardaoin 15 Bealtaine 2025 ag 3:00pm.