24 October 2024

Is ról spreagúil é an Bainisteoir Straitéise agus Pleanála (Príomhoifigeach Cúnta) laistigh dár Rannóg Seirbhísí Corparáideacha. Beidh deis ag an iarrthóir rathúil forbairt tionscnamh claochlaithe agus feabhsúcháin a bhrú chun cinn laistigh d’Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.

Déanfar an comórtas de réir na gcód cleachtais arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, féach le do thoil Leabhrán Faisnéise.

Ba chóir d’iarratasóirí a CV agus a n-iarratas a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: Recruitment@dppireland.ie le teacht roimh 3.30pm Dé Céadaoin, 13 Samhain 2024.

Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil ar www.dppireland.ie.

21 October 2024

Is mian leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí Abhcóide a cheapadh chun ionchúiseamh a dhéanamh i gContae an Ros Comáin. Lorgaíonn an Stiúrthóir léirithe spéise ó abhcóidí ar mian leo go mbreithneofaí iad don ról thuas.

Féach le do thoil ar an Meabhrán Míniúcháin ar Ról Abhcóidí Ionchúisimh.

Ba cheart d’iarratasóirí foirm iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: Competitions@dppireland.ie

Áireofar sa phróiseas roghnúcháin próiseas gearrliostaithe bunaithe ar na hiarratais a chuirtear isteach agus ina dhiaidh sin agallamh.

Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil ná Dé Luain 25 Samhain 2024 ag 3:00pm.

07 October 2024

Tá Buanoifigigh Chléireachais á n-earcú ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.

Tugann ról an Oifigigh Chléireachais laistigh d’Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí deis d’iarrthóirí rathúla gairm thairbheach a sheoladh sa Státseirbhís, go háirithe laistigh d’Earnáil an Cheartais Choiriúil.

Ní mór d’iarrthóirí a bheith 17 mbliana d’aois ar a laghad, leibhéal maith oideachais ginearálta a bheith acu.  Beifear ag súil freisin go dtaispeánfaidh an t-iarrthóir scileanna maithe cumarsáide; taithí a léiriú ar bheith ag obair as a stuaim féin agus mar chuid d’fhoireann.

Déanfar an comórtas de réir na gcód cleachtais arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, féach le do thoil Leabhrán Faisnéise.

Ba chóir d’iarratasóirí a CV agus a n-iarratas a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: Recruitment@dppireland.ie le teacht roimh 3.30pm Dé hAoine, 25 Deireadh Fómhair 2024.

Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil ar www.dppireland.ie.

06 September 2024

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí (ODPP) ag lorg dlíodóir sinsearach a bhfuil an saineolas riachtanach, an taithí ghairmiúil agus na scileanna ceannaireachta straitéiseacha aige chun bheith i gceannas ar an Rannán a bhfuil sé de chúram air comhaid imscrúdaithe a mheas chun cinneadh a dhéanamh maidir le hionchúiseamh a stiúradh.

Ag tuairisciú don Leas-Stiúrthóir, beidh maoirseacht straitéiseach ag an iarrthóir rathúil ar chásobair na hOifige agus cuirfidh sé/sí ról lárnach ar fáil maidir le comhairle a chur ar an Stiúrthóir agus ar an Leas-Stiúrthóir maidir le príomhcheisteanna beartais ionchúisimh straitéiseacha agus beidh freagracht fhoriomlán air/uirthi as an bhfeidhm stiúrtha agus as dhá Aonad speisialaithe laistigh den Oifig – an tAonad um Chionta Tromchúiseacha agus Gnéasacha agus an tAonad um Choireacht Airgeadais Speisialta. Is ról lárnach tábhachtach é seo i Seirbhís Ionchúiseamh na hÉireann agus deis a bheith mar chuid den fhoireann ceannaireachta san ODPP tráth fáis agus athraithe. Glacfaidh Ceann na nAonad Stiúrtha agus Speisialtóra príomhról maidir le hathchóiriú agus tionscadail chlaochlaithe a aithníodh sa phlean straitéiseach reatha, lena n-áirítear forbairt bealaí oibre trasfheidhmiúla a thiomáint ar fud na hOifige, na hearnála agus go hidirnáisiúnta.

Tá tuilleadh eolais faoin deis shuntasach seo, lena n-áirítear sonraí faoi conas iarratas a dhéanamh, ar fáil ar publicjobs.ie

Is post de chuid an Choiste um Cheapacháin Ardleibhéil (TLAC) é seo.

Is é 3pm Déardaoin an 26 Meán Fómhair 2024 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais chomhlánaithe.

Má bhraitheann tú go mbainfeá tairbhe as plé rúnda faoin deis seo, déan teagmháil le Sandra Cairns ag sandra.cairns@publicjobs.ie

03 September 2024

Oibreoidh ár dTaighdeoir Dlí & Bainistíochta Eolais inár nAonad Beartais agus Taighde Ionchúisimh agus beidh an deis aige tabhairt faoi thionscadail taighde chun tacú le doiciméid bheartais ionchúisimh. Beidh ról lárnach ag an iarrthóir/na hiarrthóirí rathúla freisin maidir le tacú le agus páirt a ghlacadh i Straitéis Dlí agus Bainistíochta Faisnéise na hOifige. Soláthraíonn an ról deiseanna iontacha freisin chun líonraí gairmiúla a thógáil trí chomhdhálacha intíre agus idirnáisiúnta.

Le haghaidh tuilleadh eolais, léigh an leabhrán eolais d’iarrthóirí .

Ba chóir d’iarratasóirí a bhFoirm Iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig recruitment@dppireland.ie – cinntigh le do thoil go bhfuil do CV san áireamh le d’fhoirm iarratais

Dáta Deiridh: 3.30pm Dé hAoine, 20 Meán Fómhair 2024

25 July 2024

Is mian leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí Abhcóide a cheapadh chun ionchúiseamh a dhéanamh i gContae an Chláir. Lorgaíonn an Stiúrthóir léirithe spéise ó abhcóidí ar mian leo go mbreithneofaí iad don ról thuas.

Féach le do thoil ar an Meabhrán Míniúcháin ar Ról Abhcóidí Ionchúisimh.

Ba cheart d’iarratasóirí foirm iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: Competitions@dppireland.ie

Áireofar sa phróiseas roghnúcháin próiseas gearrliostaithe bunaithe ar na hiarratais a chuirtear isteach agus ina dhiaidh sin agallamh.

Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil ná Dé Luain 2 Meán Fómhair 2024 ag 3:00pm.

05 June 2024

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ag earcú Ceannaire Taighde, Bainistíochta Eolais & Oiliúna Dlí.  Ní mór d’iarrthóirí, ar nó roimh Dé hAoine, 21 Meitheamh gur chleacht siad an dlí ar feadh 5 bliana ar a laghad agus go bhfuil taithí shuntasach acu ar bhainistiú eolais, ar thaighde dlí agus/ nó ar chomhpháirteanna oiliúna dlí is infheidhme maidir leis an ról mar atá liostaithe atá liostaithe ar leathanach. 6 den leabhrán eolais. Is ról spreagúil nua é seo a thugann deis don iarrthóir rathúil príomhról ceannaireachta straitéiseach a ghlacadh i bhforbairt feidhmeanna Bainistíochta Eolais, Oiliúna Dlí agus Taighde laistigh den ODPP . Teastóidh dearadh agus cur i bhfeidhm Straitéise uaillmhianach do Bhainistíocht Eolais, Oiliúint Dlí agus Taighde i seirbhís ionchúisimh atá dinimiciúil agus atá ag méadú.

Beidh dea-theist ar iarrthóirí freisin i bhforbairt nó i gcur i bhfeidhm straitéisí agus réitigh chun eolas dlíthiúil a bhainistiú agus a roinnt.  Féadfar gearrliostú a bheith i bhfeidhm.  Dícháileofar iad a rachaidh i mbun canbhásála.

Cuirfear an comórtas i gcrích de réir na gcód cleachtais atá foilsithe ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí agus atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/

Le tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, léigh an Leabhrán Faisnéise le do thoil.

Ba cheart d’iarratasóirí a n-iarratas a chur isteach go leictreonach chuig: Recruitment@dppireland.ie le teacht roimh 3:30i.n. Dé hAoine, an 21 Meitheamh 2024.

Tabhair faoi deara le do thoil go meastar na hagallaimh don chomórtas seo a bheith ar siúl i mí Iúil 2024.

Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil anseo ar an suíomh Gréasáin seo.

16 May 2024

Tá folúntas do phost Aturnae Stáit i dTiobraid Árann Thuaidh. Tá sonraí na dualgais, téarmaí agus coinníollacha an cheapacháin, atá conradh le haghaidh seirbhísí ar feadh tréimhse deich mbliana, leagtha amach sa Leabhrán Faisnéise Comórtas atá ar fáil ar iarratas ó na sonraí ríomhphoist agus teagmhála atá leagtha amach thíos.

Ba chóir aturnaetha ar mian leo a chur san áireamh do cheapachán na phoist thuas luaithe iarratas a dhéanamh ar an bhFoirm Iarratais Oifigiúil tráth nach déanaí ná 3pm Dé Luan 17 Meitheamh 2024.

Tá foirmeacha iarratais ar fáil ó agus le cur ar ais go:

An Príomh-Aturnae Ionchúisimh
Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
Bhóthar na hOtharlainne
Báile Átha Cliath 7
DX 34 Dublin

Facs: (01) 6427404
Ríomhphost: competitions@dppireland.ie

Is féidir le hiarrthóirí a chur ar ghearrliosta agus níl na hiarrthóirí i dteideal agallamh mar tá iarratas déanta acu.

Treoraímid d’iarratasóirí gan chanbhasáil a dhéanamh.

Bíonn téarmaí agus coinníollacha i bhfeidhm.

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí tiomanta do bheartas comhdheiseanna. Cuirfear fáilte roimh chomfhreagras i nGaeilge.

04 April 2024

Tá folúntas do phost Aturnae Stáit i gContae na hIarmhí. Tá sonraí na dualgais, téarmaí agus coinníollacha an cheapacháin, atá conradh le haghaidh seirbhísí ar feadh tréimhse deich mbliana, leagtha amach sa Leabhrán Faisnéise Comórtas atá ar fáil ar iarratas ó na sonraí ríomhphoist agus teagmhála atá leagtha amach thíos.

Ba chóir aturnaetha ar mian leo a chur san áireamh do cheapachán na phoist thuas luaithe iarratas a dhéanamh ar an bhFoirm Iarratais Oifigiúil tráth nach déanaí ná 3pm Dé Máirt 7 Bealtaine 2024.

Tá foirmeacha iarratais ar fáil ó agus le cur ar ais go:

An Príomh-Aturnae Ionchúisimh
Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
Bhóthar na hOtharlainne
Báile Átha Cliath 7
DX 34 Dublin

Ríomhphost: competitions@dppireland.ie

Is féidir le hiarrthóirí a chur ar ghearrliosta agus níl na hiarrthóirí i dteideal agallamh mar tá iarratas déanta acu.

Treoraímid d’iarratasóirí gan chanbhasáil a dhéanamh.

Bíonn téarmaí agus coinníollacha i bhfeidhm.

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí tiomanta do bheartas comhdheiseanna. Cuirfear fáilte roimh chomfhreagras i nGaeilge.

06 March 2024

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ag earcú Ardoifigeach Feidhmiúcháin Bainistíocht Sonraí agus Cásanna (Forbairt Bogearraí) – TFC.  Ní mór d’iarratasóirí a n-éiríonn leo, ar an 27 Márta 2024 nó roimhe sin, na critéir cháilíochta agus taithí TFC atá liostaithe sa leabhrán faisnéise iarrthóirí a chomhlíonadh. An bhfuil tú díograiseach, loighciúil, cruthaitheach agus an bhfuil fonn ort scileanna nua a fhoghlaim agus do ghairm ghnó digiteach TFC a fhorbairt tuilleadh? An bhfuil scileanna láidre agat i mbainistíocht agus i gcothabháil bunachar sonraí agus scileanna anailíseacha agus smaointeoireachta criticiúla forbartha go maith agat chun saincheisteanna, rioscaí, riachtanais ghnó agus dúshláin a thuiscint agus a fhabhtcheartú?

Má spreagann sé seo do spéis, d’fhéadfadh gurb é seo an post a oirfidh duit.

Cuirfear an comórtas i gcrích de réir na gcód cleachtais atá foilsithe ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí agus atá ar fáil ag www.cpsa.ie

Le tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, léigh an Leabhrán Faisnéise le do thoil.

Ba cheart d’iarratasóirí a CV agus a n-iarratas a chur isteach go leictreonach chuig: Recruitment@dppireland.ie le teacht roimh 3:30i.n. Dé Céadaoin, an 27 Márta 2024.

Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil anseo ar an suíomh Gréasáin seo.