An tAonad Idirnáisiúnta
Déileálann an t-aonad seo leis an dlí coiriúil idirnáisiúnta, lena n-áirítear:
- Barántais Ghabhála Eorpacha
- Baránta Gabhála Comhaontú Trádála agus Comhoibriúcháin
- eiseachadadh (coirpeach a thabhairt ar láimh don tír ina ndearnadh an choir),
- iarrataí ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach.
Déileálann sé freisin le cásanna lena mbaineann urghabháil sócmhainní coiriúla agus a tharchuirtear chuig Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.
Barántais Ghabhála Eorpacha
Féadfaidh cúirt i mBallstát amháin den Aontas Eorpach iarraidh ar chúirt i mBallstát eile barántas gabhála a eisiúint le haghaidh duine atá á lorg i ndáil le coir.
Déileálann an tAonad Idirnáisiúnta in Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí le hiarrataí amach chuig an Aontas Eorpach i gcás go bhfuil cúisí á lorg in Éirinn chun go bhféadfar é/í a ionchúiseamh i gcion sa tír seo.
Mar shampla, más mian leis na Gardaí duine a bhfuil cónaí air/uirthi i mBallstát eile den Aontas Eorpach a ghabháil, féadfaidh siad iarraidh ar Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar Bharántas Gabhála Eorpach. Seoltar é sin ansin chuig an tír a bhfuil cónaí ar an duine inti. Iarradh Barántais Ghabhála Eorpacha i ndáil le raon leathan cionta tromchúiseacha, lena n-áirítear:
- dúnmharú
- cionta gnéasacha
- cionta drugaí
- goid
- ionsaithe tromchúiseacha
Baránta Gabhála Comhaontú Trádála agus Comhoibriúcháin
Faoi fhorálacha an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a rinneadh idir an AE agus an Ríocht Aontaithe, is féidir le cúirt i mballstát AE amháin iarraidh ar chúirt sa RA nó i dTuaisceart Éireann barántas gabhála a eisiúint do dhuine éigin atá ag teastáil i dtaca le. coir. Déileálann an tAonad Idirnáisiúnta in Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí le hiarratais amach nuair a bhíonn duine cúisithe ag iarraidh in Éirinn chun coir a ionchúiseamh anseo.
Eiseachadadh
Má tá cónaí ar dhuine lasmuigh den Aontas Eorpach, féadfaidh Aonad Eiseachadta an Gharda Síochána iarraidh ar an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí iarraidh eiseachadta a eisiúint. Is é is iarraidh eiseachadta ann ná iarraidh go dtabharfaí coirpeach ar láimh don tír ina ndearnadh an choir. Seoltar iarrataí den sórt sin chuig an tír iomchuí trí chainéil taidhleoireachta ansin.
San am i láthair, tá comhaontuithe dlíthiúla dhá bhealach i bhfeidhm ag Éirinn le Stáit Aontaithe Mheiriceá, le Hong Cong, an Astráil, agus leis na Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha. Tugtar conarthaí eiseachadta déthaobhacha ar na comhaontuithe sin. Rinne Éire an Coinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh a dhaingniú (a cheadú go hoifigiúil) freisin. Is é an toradh atá air sin go bhféadfar coirpigh a eiseachadadh chuig an tír ina ndearnadh an choir chun ceann amháin de na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- dul faoi thriail
- pianbhreith a fháil tar éis iad a chiontú
- pianbhreith a chuir cúirt na tíre orthu cheana féin a chur isteach.
Déileálann an tAonad Idirnáisiúnta in Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí le hiarrataí eiseachadta amach i gcás go bhfuil cúisí á lorg in Éirinn chun go bhféadfar é/í a ionchúiseamh i gcion sa tír seo.
Iarrataí ar Chúnamh Dlíthiúil Frithpháirteach
Faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach), 2008, féadfaidh Éire cúnamh dlíthiúil frithpháirteach a thabhairt do thíortha eile, agus cúnamh dlíthiúil frithpháirteach a iarraidh uathu, le linn imscrúduithe coiriúla nó imeachtaí coiriúla. Mar shampla, is féidir gur mhaith leis an nGarda Síochána iarraidh ar na húdaráis iomchuí i dtír eile agallamh a chur ar fhinnéithe nó sonraí a thabhairt faoi dhuine aonair is ábhar d’imscrúdú coiriúil. Is féidir go mbeidh na nithe seo a leanas i gceist leis na sonraí sin:
- taifid bhainc
- taifid chiontuithe
- ríomhphoist
- postálacha meán sóisialta ó dhuine aonair is ábhar d’imscrúdú coiriúil
Seolann an Garda Síochána, na Coimisinéirí Ioncaim, agus roinnt gníomhaireachtaí seachtracha eile iarratais ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach chuig an Aonad Idirnáisiúnta in Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí lena gceadú. A luaithe a thugtar iad chun críche agus a shínítear iad, seoltar na hiarrataí chuig an Lárúdarás sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, a sheolann iad ar aghaidh ansin chuig an tír iomchuí.
An tAonad Beartais agus Taighde Ionchúiseamh
Áirítear iad seo a leanas leis na freagrachtaí atá ar an aonad seo in Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí:
- freagairtí beartais a fhorbairt do raon saincheisteanna ar bhonn inmheánach agus seachtrach araon, i gcomhar le daoine eile atá ag plé leis an gceartas coiriúil sa tír seo agus thar lear
- seirbhís taighde a sholáthar d’ionchúisitheoirí
- leabharlann na hOifige a bhainistiú agus a fhorbairt
- straitéisí bainistíochta eolais agus faisnéise a fhorbairt agus a chur chun feidhme
- a chinntiú go bhfuil an Oifig ag comhlíonadh na reachtaíochta um chosaint sonraí trí fhaisnéis agus tacaíocht a sholáthar maidir le bainistiú sonraí pearsanta laistigh d’Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí agus trí iarratais ar a sonraí pearsanta ó dhaoine is ábhar do na sonraí a láimhseáil.
An tAonad um Chaighdeáin Ionchúisimh
Tacóidh an t-aonad nua seo agus rannchuideoidh sé le cur i bhfeidhm mholtaí an Ghrúpa Athbhreithnithe Ardleibhéil ar Ról an Gharda Síochána sa Chóras Ionchúiseamh Poiblí agus an Choiste Stiúrtha Achoimre um Athchóiriú Ionchúisimh. Is éard a bheidh i gceist lena rolladh amach faoi dheireadh ná tacú le hardchaighdeáin de chleachtas ionchúisimh ar fud an chórais.
An tAonad Idirchaidrimh Íospartach
Tá an tAonad Idirchaidrimh Íospartach freagrach as a chinntiú go gcomhlíonann Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí na hoibleagáidí atá uirthi i dtaca le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartach, mar atá leagtha amach san Acht um Cheartas Coiriúil (Íospartaigh na Coireachta), 2017.
San Acht sin, sainmhínítear íospartach na coireachta mar dhuine a ndearnadh dochar fisiciúil, meabhrach nó mothúchánach dó/di nó a d’fhulaing caillteanas eacnamaíoch a tháinig go díreach as cion. Áirítear leis na daoine sin na baill teaghlaigh le duine ar tháinig a b(h)ás go díreach as cion coiriúil, ar daoine iad a ndearnadh dochar dóibh de bharr bhás an duine sin.
Tá raon réimsí éagsúla i gceist le hobair an Aonaid Idirchaidrimh Íospartach:
- I gcás go gcinnfear cás a ionchúiseamh: cinnteoidh an tAonad Idirchaidrimh Íospartach go bhfuil ag íospartaigh na coireachta an fhaisnéis a theastaíonn uathu chun páirt a ghlacadh sa phróiseas ionchúisimh choiriúil agus cinnteoidh sé gur féidir leo leas a bhaint as na cosaintí atá ar fáil dóibh.
- I gcás go gcinnfear gan cás a ionchúiseamh: míneoidh an tAonad Idirchaidrimh Íospartach, ar iarraidh a fháil i scríbhinn, cén fáth ar cinneadh gan an cás a ionchúiseamh. Má tá íospartach na coireachta ag iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcinneadh gan cás a ionchúiseamh, déanfaidh an tAonad Idirchaidrimh Íospartach socruithe le haghaidh an t-athbhreithniú sin a dhéanamh.
- Soláthraíonn an tAonad Idirchaidrimh Íospartach seirbhís faisnéise teileafóin d’íospartaigh. Ar mhaithe le slándáil agus rúndacht, áfach, ní fhéadfaidh an t-aonad na sonraí faoi aon chás a phlé le híospartaigh na coireachta thar an teileafón.
- Cuireann an tAonad Idirchaidrimh Íospartach oiliúint i saincheisteanna a théann i bhfeidhm ar íospartaigh na coireachta ar bhaill foirne, ar Aturnaetha Stáit, ar abhcóidí ionchúisimh, ar Ghardaí, ar Dhlí-Chumann na hÉireann, ar Chomhairle Bharra na hÉireann, ar eagraíochtaí neamhrialtasacha amhail grúpaí tacaíochta íospartach, agus ar dhaoine eile.
- Buaileann an tAonad Idirchaidrimh Íospartach le heagraíochtaí neamhrialtasacha tacaíochta íospartach agus glacann sé páirt i ngrúpaí oibre idir-rialtasacha (i gcomhar le ranna amhail an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais) thar ceann na hOifige ar bhonn rialta.