05 February 2025

Intéirneacht Taighde Dlí Chothromais 2025

Tá ár Scéim Intéirneachta Rochtana Dlí ar oscailt le haghaidh iarratas anois. Leis an Scéim, soláthraítear deiseanna intéirneachta in Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit, sa Choimisiún um Athchóiriú an Dlí , in Oifig an Ard-Aighne agus in Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí do mhic léinn fochéime dlí atá sa bhliain deiridh agus a thagann ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch atá faoi thearcionadaíocht sa ghairm dlí.

Braithfidh dáta tosaigh na hintéirneachta ar Imréiteach an Gharda a chríochnú. Tríd an intéirneacht, gnóthóidh iarratasóirí rathúla taithí oibre íoctha i dtimpeallacht dlí earnála poiblí. Gheobhaidh siad freisin an deis chun scileanna agus muinín a fhorbairt mar chuid d’fhoireann taighde/eolais dlí.

Le tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, léigh an Leabhrán Faisnéise le do thoil.

Ba cheart d’iarratasóirí a bhFoirm Iarratais A agus a bhFoirm Iarratais B a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: careers@csso.gov.ie. Is é Dé Máirt an 25ú Feabhra 2025 ag 3pm an spriocdháta le haghaidh iarratas.

Ceisteanna Coitianta – Intéirneacht Taighde Dlí Chothromais