05 June 2024

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ag earcú Ceannaire Taighde, Bainistíochta Eolais & Oiliúna Dlí.  Ní mór d’iarrthóirí, ar nó roimh Dé hAoine, 21 Meitheamh gur chleacht siad an dlí ar feadh 5 bliana ar a laghad agus go bhfuil taithí shuntasach acu ar bhainistiú eolais, ar thaighde dlí agus/ nó ar chomhpháirteanna oiliúna dlí is infheidhme maidir leis an ról mar atá liostaithe atá liostaithe ar leathanach. 6 den leabhrán eolais. Is ról spreagúil nua é seo a thugann deis don iarrthóir rathúil príomhról ceannaireachta straitéiseach a ghlacadh i bhforbairt feidhmeanna Bainistíochta Eolais, Oiliúna Dlí agus Taighde laistigh den ODPP . Teastóidh dearadh agus cur i bhfeidhm Straitéise uaillmhianach do Bhainistíocht Eolais, Oiliúint Dlí agus Taighde i seirbhís ionchúisimh atá dinimiciúil agus atá ag méadú.

Beidh dea-theist ar iarrthóirí freisin i bhforbairt nó i gcur i bhfeidhm straitéisí agus réitigh chun eolas dlíthiúil a bhainistiú agus a roinnt.  Féadfar gearrliostú a bheith i bhfeidhm.  Dícháileofar iad a rachaidh i mbun canbhásála.

Cuirfear an comórtas i gcrích de réir na gcód cleachtais atá foilsithe ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí agus atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/

Le tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, léigh an Leabhrán Faisnéise le do thoil.

Ba cheart d’iarratasóirí a n-iarratas a chur isteach go leictreonach chuig: Recruitment@dppireland.ie le teacht roimh 3:30i.n. Dé hAoine, an 21 Meitheamh 2024.

Tabhair faoi deara le do thoil go meastar na hagallaimh don chomórtas seo a bheith ar siúl i mí Iúil 2024.

Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil anseo ar an suíomh Gréasáin seo.