Ionchúisitheoir na Cúirte Cuarda Contae Lú
04 January 2024
Is mian leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí Abhcóide a cheapadh chun ionchúiseamh a dhéanamh i gContae Lú. Lorgaíonn an Stiúrthóir léirithe spéise ó abhcóidí ar mian leo go mbreithneofaí iad don ról thuas.
Féach le do thoil ar an Meabhrán Míniúcháin ar Ról Abhcóidí Ionchúisimh.
Ba cheart d’iarratasóirí foirm iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: Competitions@dppireland.ie
Áireofar sa phróiseas roghnúcháin próiseas gearrliostaithe bunaithe ar na hiarratais a chuirtear isteach agus ina dhiaidh sin agallamh.
Is é an spriocdháta chun iarratais a fháil ná Déardaoin 1 Feabhra 2024 ag 1:00pm.