- Baile
- Maidir linne
- Déan Teagmháil Linn
- Treoir Ghearr maidir leis an gCóras Ceartais Choiriúil
- Foilseacháin
- Íospartaigh & Finnéithe
- Comhlíonadh
- Slí Bheatha in Oifig an DPP
- Na Meáin
- Naisc
Ráiteas Tionchair Íospartaigh a Dhéanamh
Cuireann an bhileog roimhe iarracht a dhéanamh na ceisteanna is coitianta faoi Ráiteas Tionchair Íospartaigh a dhéanamh a fhreagairt. Ní chlúdaíonn sé gach uile cúinse a d'fhéadfadh a bheith i gceist agus ní comhairle dlí atá ann. Má theastaíonn a leithéid uait b'fhearr duit dul chuig aturnae.
1. Cad is Ráiteas Tionchair Íospartaigh ann?
Más íospartaigh coire thú, tá sé de chead agat Ráiteas Tionchair Íospartaigh a dhéanamh i gcúinsí áirithe. Is cuntas i d’fhocail féin ar conas a chuaigh an choir i bhfeidhm ort. D’fhéadfá, mar shampla, bheith i ndiaidh ghortú colanda a fhulaingt, bheith thíos leis go síceolaíoch, nó ó thaobh dochar airgid de.
2. Cén fáth go bhfuil sé tábhachtach?
Cuidíonn an Ráiteas leis an mbreitheamh tuiscint a fháil ar conas a ndeachaigh an choir i gcion ort. Agus é ag déanamh cine ar cén phianbhreith a ghearrfar ar an gciontóir is féidir leis/leí é seo a thabhairt san áireamh.
3. Cé is féidir leo Ráiteas Tionchair Íospartaigh a dhéanamh?
Tá sé de chead ag na daoine seo a leanas Ráiteas Tionchair Íospartaigh a dhéanamh:
- Íospartach na coire
- Duine muinteartha leis an íospartach a fuair bás, atá tinn nó faoi mhíchumas de dheasca na coire
- Íospartach atá faoi bhun 14 bliain d’aois nó a dtuismitheoir nó a gcaomhnóir
- Íospartach ag a bhfuil tinneas intinne nó ball dá teaghlach ar a son.
Ní féidir le tuismitheoir, ball teaghlaigh nó caomhnóir an íospartaigh sa chás, atá ciontaithe as an cion i gcoinne an íospartaigh Ráiteas Tionchair Íospartaigh a dhéanamh.
4. An bhfuil Ráiteas Tionchair Íospartaigh ceadaithe i ngach cás coiriúil?
Níl. Léiríonn an dlí gur féidir Ráiteas Tionchair Íospartaigh a dhéanamh i gcásanna ina mbíonn cionta gnéasacha nó coiriúlacht foréigneach i gceist sa chás go bhfuarthas an duine ciontach. Cuimsíonn an coincheap coiriúlacht foréigneach cásanna ina mbíonn bagairt fhoréigin. Is féidir go dtabharfar cead Ráiteas Tionchair Íospartaigh a dhéanamh i gcásanna eile sa chás go measann an breitheamh go bhfuil sé oiriúnach, mar shampla i gcás teagmhas tráchta marfach.
5. An bhfuil orm Ráiteas Tionchair Íospartaigh a dhéanamh?
Má tá tú i dteideal Ráiteas Tionchair Íospartaigh a dhéanamh is féidir leat rogha a dhéanamh ar mhaith leat ceann a dhéanamh nó nár mhaith. Má dhéanann tú amhlaidh, ní léifidh an breitheamh as seo nach raibh aon tionchar ag an coir ort.
6. Cathain a ndéanaim mo Ráiteas Tionchair Íospartaigh?
Déanann tú do Ráiteas Tionchair Íospartaigh i ndiaidh an ciontóir a bheith faighte ciontach sa chúirt, sula ndéanann an breitheamh cinneadh a dhéanamh ar an bpianbhreith.
7. Cad is féidir liom a rá i mo Ráiteas Tionchair Íospartaigh?
Is deis é an Ráiteas Tionchair Íospartaigh duit a insint don chúirt conas a ndeachaigh an cion i gcion ort. D’fhéadfadh sé bheith cabhrach duit an méid seo a leanas a mheabhrú:
- Aon ghortú, bíodh sé síceolaíoch nó colanda a d’fhulaing tú
- Má bhraitheann tú leochaileach nó imeaglaithe
- Muna bhraitheann tú sábháilte a thuilleadh
- An tionchar ar do theaghlach
- Conas atá do chaighdeán na beatha athraithe ar bhonn laethúil
- Aon caillteanas airgeadra a d’fhulaing tú de dheasca na coire
Ní ceart duit do mhothúcháin nó do smaointe faoin gciontóir a lua nó a rá leis an mbreitheamh cad a mheasann tú atá ag dul don chiontóir.
8. An bhfuil cead agam duine a fháil le cabhrú liom Ráiteas Tionchair Íospartaigh a dhéanamh?
Is deis é an Ráiteas Tionchair Íospartaigh duit i d’fhocail féin conas a ndeachaigh an cion i gcion ort. Tá sé tábhachtach nach mbéadh anáil ag aon duine eile ar an méid a deir tú nó nach scríobhann siad an Ráiteas duit. Ba cheart go mbeadh an t-eolas sa bhileog seo ina chabhair duit do Ráiteas a ullmhú.
9. Conas a dhéanaim Ráiteas Tionchair Íospartaigh?
Níl aon fhoirm seasmhach den Ráiteas Tionchair Íospartaigh. Is féidir leat an Ráiteas a scríobh nó a chlóscríobh. Agus é críochnaithe ba cheart duit é a thabhairt ar aghaidh do na Gardaí. Tá sé ceadaithe cóip a choinneáil duit féin, chomh maith.
10. Cad a dhéantar le mo Ráiteas Tionchair Íospartaigh?
Ón uair a thugann tú do Ráiteas ar aghaidh do na Gardaí glactar leis mar chuid den fhianaise sa chás. Ciallaíonn sé seo gur féidir go bhfeicfidh an fhoireann ionchúisimh, an chosaint, na Gardaí agus an chúirt Ráiteas Tionchair Íospartaigh. Ní thugtar aon chóip de do Ráiteas Tionchair Íospartaigh d’aon duine eile. Is féidir, áfach, go ndéanfar tuairisc ar shonraí an ábhair i do Ráiteas sna meáin chumarsáide, muna gcuireann an breitheamh bac ar fhoilsitheoireacht.
11. An féidir go gcuirfear ceist orm faoi mo Ráiteas Tionchair Íospartaigh?
Is féidir. Má dhéanann tú Ráiteas Tionchair Íospartaigh don chúirt nó is féidir go gcuirfidh an chúirt nó an chosaint ceisteanna ort faoi ábhar do Ráiteas le soiléiriú a dhéanamh ar phointe áirithe. Má tá tú chun Ráiteas Tionchair Íospartaigh béil a dhéanamh, is féidir go gcuirfidh an chúirt, an t-ionchúiseamh nó an chosaint ceisteanna ort faoin méid a deir tú.
12. An féidir leis an gcúirt tuairim gairmiúil a iarraidh mar gheall ar conas a ndeachaigh an cion i bhfeidhm orm?
Is féidir. Is féidir go n-iarrfaidh an chúirt go ndéanfaidh duine gairmiúil measúnú ort, mar shampla síceolaí. Ní tharlódh sé seo ach i gcásanna áirithe, i gcásanna chion gnéasach. Dá mba rud é go n-iarradh an chúirt a leithéid i do chás, mhíneodh na Gardaí an nós imeachta duit. Buailfidh an duine gairmiúil seo leat le labhairt leat faoin tionchar atá ag an gcoir ort. Ansin cumann siad Tuairisc Tionchair Íospartaigh don chúirt áit a dtugann siad a thuairim ar thionchar na coire ar do shaol. Tá sé seo ar leithligh ón Ráiteas Tionchair Íospartaigh a dhéanann tú tú féin.
BREIS EOLAIS
Má theastaíonn breis eolais uait faoi Ráiteas Tionchair Íospartaigh is féidir breathnú ar alt 4 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil 2010, arna leasú rud is féidir leat teacht air ar shuíomh idirlín Leabhar na Reachtaíochta www.irishstatutebook.ie.
Ráiteas Tionchair Íospartaigh a Dhéanamh (PDF - 61KB)
| عربي (Arabais) [PDF - 68.4KB] | 中文 (Mandairínis) [PDF - 245KB] |
| ESPAÑOL (Spáinnis) [PDF - 77.7KB] | POLSKI (Polainnis) [PDF - 75.6KB] |
| FRANÇAIS (Fraincis) [PDF - 79.5KB] | PORTUGUÊS (Portaingéilis) [PDF - 74.2KB] |
| LATVIEŠU (Laitvis) [PDF - 74.4KB] | РУССКИЙ (Rúisis) [PDF - 77.3KB] |
| LIETUVIŲ (Liotuáinis) [PDF - 71KB] | ROMÂNEаTE (Rómánais) [PDF - 72.4KB] |
