- Baile
- Maidir linne
- Déan Teagmháil Linn
- Treoir Ghearr maidir leis an gCóras Ceartais Choiriúil
- Foilseacháin
- Íospartaigh & Finnéithe
- Comhlíonadh
- Slí Bheatha in Oifig an DPP
- Na Meáin
- Naisc
Cabhairlíne d’Íospartaigh Choire
Is cabhairlíne rúin náisiúnta í an Chabhairlíne d’Íospartaigh Choire chun tacaíocht a thabhairt do pháirtithe éagóirithe in Éirinn. Tá sé mar aidhm ag an gCabhairlíne tacú leis na páirtithe éagóirithe agus aon pháirtí eile a mbeidh tionchar ag coir air/uirthi, iad a chur ar an eolas agus a chumhachtú. Tuigeann oibrithe deonacha na líne cabhraí na saincheisteanna agus na deacrachtaí a bhíonn ar íospartaigh choireanna déileáil leo.
Is féidir mionsonraí na seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh atá ar fáil i do cheantar a fháil ón gCabhairlíne. Is féidir eolas ar sheirbhísí speisialta atá ar fáil d’íospartaigh coireanna ar leith, foréigean baile, mí-úsáid ghnéasach agus éigniú mar shampla, a fháil ón gCabhairlíne.
Tá an líne chabhrach ar fáil ag na huaireanta seo a leanas:
Luan: 10.00am - 7.30pm
Máirt go hAoine: 10.00am - 5.00pm
Satharn: 2.00pm - 4.00pm
Taobh amuigh de na huaireanta thuasluaite, má fhágann tú teachtaireacht ag iarraidh ar an gCabhairlíne dul i dteagmháil leat, déanfaidh siad sin go pras.
Chun níos mó eolais a fháil, is féidir glaoch ar an Líne Cabhrach ar: