- Baile
- Maidir linne
- Déan Teagmháil Linn
- Treoir Ghearr maidir leis an gCóras Ceartais Choiriúil
- Foilseacháin
- Íospartaigh & Finnéithe
- Comhlíonadh
- Slí Bheatha in Oifig an DPP
- Na Meáin
- Naisc
Beartas Gearán
Cén gearáin a chumhdaíonn an Beartas Gearán seo?
Cumhdaíonn an beartas seo gearáin faoi sheirbhís a sholáthair Oifig an DPP a imríonn tionchar díreach ort. Mar shampla, d’fhéadfadh gearáin baint le freagairt mhoillithe a thabhairt ar litir a sheol tú chugainn, nó b’fhéidir go mbraitheann tú nár freastalaíodh ar do chuid ceart mar íospartach.
Cén gearáin nach gcumhdaíonn an Beartas Gearán seo?
Ní chumhdaíonn an beartas seo míshásamh le cinntí gan ionchúiseamh a dhéanamh. Má tá tú míshásta le cinneadh gan ionchúiseamh, féadfaidh tú iarraidh orainn cúis a thabhairt a bhí leis an gcinneadh nó athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh. Féadfaidh tú teacht ar níos mó faisnéise ar conas seo a dhéanamh sa leabhrán faisnéise Conas Iarraidh ar Chúiseanna agus Athbhreithnithe.
Conas is féidir liom gearán a dhéanamh?
Chun gearán a dhéanamh, is gá duit scríobh chugainn le sonraí faoi do ghearán agus an cháipéis seo a sheoladh chuig:
An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí
Bóthar na hOtharlainne
Baile Átha Cliath 7.
Conas a dhéileálfar le mo ghearán?
Nuair a gheobhaimid do ghearán, cuirfimid é i dtaifead agus déanfaimid iarracht é a réiteach go pras. I roinnt cásanna, b’fhéidir go mbeimid in ann do ghearán a réiteach go han-simplí. D’fhéadfadh seo tarlú, mar shampla, más féidir linn breis faisnéise a sholáthar duit, botún a rinneamar a cheartú, nó nós imeachta ar leith a mhíniú duit.
Más de chineál níos tromchúisí do ghearán, cuirfimid é faoi bhráid duine dár mbainisteoirí sinsearacha é. Scrúdóidh an bainisteoir sinsearach an tsaincheist agus tabharfaidh sé/sí freagairt duit a luaithe is féidir.
Cé chomh fada a ghlacfaidh sé chun déileáil le mo ghearán?
Aithneoimid do ghearán laistigh de chúig lá oibre. Seolfaimid freagairt iomlán chugat, sa chás gur féidir, laistigh de shé seachtaine. I roinnt cásanna, d’fhéadfadh sé níos faide a ghlacadh. Má tharlaíonn seo, scríobhfaimid chugat agus cuirfimid ar an eolas thú cathain ar féidir leat súil a bheith le freagairt a fháil.
Cad a tharlaíonn mura bhfuilim sásta?
Mura bhfuil tú sásta leis an mbealach a dhéileálamar le do ghearán,is féidir leat achomharc a dhéanamh. Beidh an Leas-Stiúrthóir déileáil le d'achomharc.
Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
Samhain 2016
