- Baile
- Maidir linne
- Déan Teagmháil Linn
- Treoir Ghearr maidir leis an gCóras Ceartais Choiriúil
- Foilseacháin
- Íospartaigh & Finnéithe
- Comhlíonadh
- Slí Bheatha in Oifig an DPP
- Na Meáin
- Naisc
Saoráil Faisnéise
Tá an tAcht um Shaoráil Faisnéise (FOI) 2014, i leith agus dearbhaítear leis an ceart atá ag daoine ón bpobal rochtain a fháil ar fhaisnéis oifigiúil a mhéad is féidir ar comhréir le leas an phobail agus an ceart atá ag daoine aonair chun príobháideachta.
Déanann Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí faisnéis a chur ar fáil go rialta don phobal faoina struchtúr, faoina feidhmeanna agus faoina gníomhaíochtaí trína cuid Tuarascálacha Bliantúla, agus a Ráiteas Straitéise agus Treoirlínte Ginearálta d'Ionchúisitheoirí a fhoilsiú. Leanfaidh an Oifig de bheith ag leathnú na réimse faisnéise atá ar fáil don phobal trínár láithreán gréasáin.
I dTreoir Saorála Faisnéise Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí (Athbhreithnithe Samhain 2010) tugadh achoimre ar ról agus ar fheidhmeanna na hOifige, a struchtúr agus na nósanna imeachta a bhaineann le hiarraidh a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 1997.
Tá sé tábhachtach go mbeadh an pobal ar an eolas go dtagann taifid Oifig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí faoi réir na sriantachtaí dá bhforáiltear faoi alt 42(f) den Acht um Shaoráil Faisnéise. Dá bhrí sin, níl taifid atá i seilbh na hOifige seo, nó cruthaithe aici, seachas taifid a bhaineann le riaradh ginearálta na hOifige, ar fáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ciallaínn sé sin nach bhfuil taifid maidir le comhaid chásanna coiriúla ar fáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le Saoráil Faisnéise, tabhair cuairt ar láithreán gréasáin an Láraonad Polasaí um Shaoráil Faisnéise sa Roinn Ceatheachais Phoiblí agus Athchóirithe - www.foi.gov.ie, agus ar láithreán gréasáin Oifig an Choimisinéara Faisnéise - www.oic.ie.
